Gaelscoil an Ráithín

Cad is Gaelscoil ann?

 

Scoil ina múintear gach ábhar trí Ghaeilge i dtimpeallacht spreagúil thaiteamhach. Bíonn an Ghaeilge mar theanga phobail na scoile idir páistí, múinteoirí, bainistíocht agus tuismitheoirí. Déantar forbairt iomlán ar an bpáiste trí churaclam leathan cuimsitheach. Feidhmíonn gaelscoil faoi ghnáthrialacha na Roinne.

 

Tá Gaelscoil an Ráithín aitheanta agus maonaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Is scoil Chaitliceach í Gaelscoil an Ráithín.  Is é an t-easpag ár bpátrún.

Tumoideachas - • Is í an Ghaeilge meán cumarsáide na scoile.  Cuirtear Curaclam na Bunscoile i bhfeidhm trí mheán na Gaeilge.  Foghlamaíonn na páistí an Ghaeilge go nadúrtha.

Múintear Creideamh ar feadh 30 nóiméad in aghaidh an lae.

* Céad Chomaoineach - Rang a Dó - Séipéal an Ráithín.
* Comhneartú - Rang 5/6 – Séipéal an Ráithín.
* Cuirtear Ceoldhráma na Nollag ar an stáitse i Mí na Nollag chuile bhliain

 

 

Príomhoide:   Michele Ní Fhátharta

  061 308 882             gaelscoilanraithin@gmail.com

  www.gaelscoilanraithin.ie

Facebook   www.facebook.com/GaelscoilanRaithin